Taispeántais

Scrollaigh síos an leathanach seo chun léamh faoi thaispeántais reatha agus faoi thaispeántais a reáchtáladh cheana.
Pleanáil do chuairt chun aon cheann de na taispeántais reatha a fheiceáil trí bhreathnú ar eolas faoin suíomh, faoi chúrsaí taistil, agus faoi na háiseanna anseo.

Comórtas Oscailte Bliantúil Ealaíne na Cásca

26 Márta – 3 Aibreán 2016

Beidh Taispeántas Bliantúil na Cásca, ina dtaispeántar saothair le go leor ealaíontóirí ó Iarthuaisceart na hÉireann, ó Dé Sathairn, an 26 Márta go dtí Dé Domhnaigh, an 2 Aibreán 2016. Osclófar an Taispeántas tráthnóna Dé hAoine, an 25 Márta ag 7pm.

Trinity’s ‘College Gallery’: The Swing of the Sixties

4 Iúil – 27 Meán Fómhair 2015

Tá an-áthas ar Ghailearaí Gléibe rogha speisialta ó shaothair an 20ú haois i mBailiúcháin Ealaíne Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, a chur i láthair. Ba iad Lismore Castle Arts, i gcomhar le Richard Wood ar alumnus de chuid Choláiste na Tríonóide é agus ar tugadh cuireadh dó feidhmiú mar choimeádaí, a chuimhnigh ar an taispeántas an chéad lá riamh, agus léirítear saothar tábhachtacha Éireannacha agus idirnáisiúnta le Josef Albers, Karel Appel, Carlos Cruz-Diez, Patrick Collins, Barrie Cooke, Micheal Farrell, Robert Indiana, Cecil King, Roy Lichtenstein, Nano Reid, Patrick Scott, William Scott, Peter Sedgley, agus Victor Vasarely, chomh maith le portráid de George Dawson le Mick O’Dea.

Íoslódáil bileog an taispeántais.

Hunter: Taispeántas le Sarah Lewtas

28 Bealtaine – 28 Meitheamh 2015

Tá Sarah Lewtas ina cónaí agus ag obair i gContae Dhún na nGall le breis agus tríocha bliain anuas, agus bhí saothar léi i dtaispeántais dhifriúla anseo i nGailearaí Gléibe roimhe seo. Is é seo an chéad taispeántas aonair di sa ghailearaí seo agus áirítear ann saothar a rinneadh thar imeacht na mblianta agus i meáin éagsúla – ó líníocht go físeán agus ó leabhair a cumhdaíodh i sciatháin préacháin go suiteálacha fuaite agus cuilteáilte.

Tá tuilleadh eolais ar fáil i gcatalóg an taispeántais atá ar fáil le híoslódáil anseo.

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Sarah anseo.

Taispeántas Criadóireachta le Con Lynch

7 Meán Fómhair – 28 Meán Fómhair 2014

Criadóir atá lonnaithe i Sligeach é Con Lynch. Saothair a rinneadh le deireanaí iad na potaí ar fad sa taispeántas seo. Rinneadh iad as créanna agus as glónra a bhailigh Con in Iarthuaisceart na hÉireann. Tá an seó dochreidte álainn.

Rinneadh go leor de na potaí trí bhácáil Raku. Ciallaíonn an téarma Seapáinise Raku ‘taitneamh’, ‘sásamh’, nó ‘compord’. Tagraíonn sé do chineál earraí agus don phróiseas iomlán agus do chreideamh chomh maith. Cuireadh tús leis sa 16ú haois le linn tógáil páláis in Kyoto ar ar tugadh Jurakudai. Roimh lár an 20ú haois chuir criadóirí Meiriceánacha, a bhí ag obair sa tSeapáin, aithne ar phróiseas na bácála Raku agus nuair a d’fhill siad abhaile thosaigh siad ag triail rudaí nua le bácáil agus le fuarú sciobtha. Ó na trialacha seo a tháinig cleachtas comhaimseartha Raku chun cinn.

Patrick Scott: Image Space Light

14 Iúil – 29 Lúnasa 2014

I ndiaidh taispeántas ardchlú in IMMA agus Lárionad VISUAL don Ealaín Chomhaimseartha, Ceatharlach, cuireann an tIonad Réigiúnach Cultúrtha agus Teach agus Gailearaí Gléibe Patrick Scott: IMAGE SPACE LIGHT i láthair mar thaispeántas aonair thar dhá ionad chun réimse agus suntasacht a ghairme mar ealaíontóir, mar dhearthóir agus mar ailtire a chur ar shúile an phobail.

Tá fís uathúil Scott tar éis dul sa tóir ar dhoichte fhoirmeálta agus ar thriail trí chalabrú líne, íomhá, spáis agus solais. Tá clú air mar an chéad mháistir Éireannach ar theibíocht íon. Cuirtear an dara cuid de ghairm Scott i láthair san Ionad Réigiúnach Cultúrtha le taispeántas de thaipéisí an ealaíontóra, meán nach bhfuil a shárú le fáil mórán i stair dhearadh an 20ú haois, agus rogha de na Gold Paintings iontacha ó na 1960idí go dtí an lá atá inniu ann. Tá samplaí de scáileáin infhillte Scott san Ionad freisin, chomh maith le Tables for Meditation, agus sraitheanna éagsúla saothair ar pháipéar lena n-áirítear líníochtaí Gestural agus priontaí Meditations.

Tá réimse pictiúr ar taispeántas i dTeach Gléibe ó na héin i stíl shaonta i dtírdhreacha scéimreacha d’obair White Stag an ealaíontóra sna 1940idí, na píosaí ‘struchtúrtha’ a spreag an saol uirbeach agus tí ó na 1950idí, canbháis bháite na bpictiúr ‘próisis’ den phortach agus de na lochanna agus áilleacht fhuinniúil na péinteála doirte agus silte sna saothair Device i dtús na 1960idí. Sampla luath é seo freisin de na Gold Paintings machnamhacha a thugann uigeachtaí canbháis amh, teampara bán agus órdhuille in iomalartuithe gan teorainn, léiriú aitheantais Scott d’fhéadfaí a rá. Áirítear i nGailearaí Gléibe saothar deartha Scott ó na 1950idí agus na 1960idí agus saothair a bhaineann le ROSC ’67.

BE(LONGING): Selena Mowat i nGailearaí Gléibe

31 Bealtaine – 1 Iúil 2014

Is é seo an chéad seó mór don ealaíontóir Albanach, Selena Mowat, atá lonnaithe i nDún na nGall. Ba í Mowat a bhuaigh Gradam Ealaíontóir Portráide na Bliana (Éire) de chuid Sky in 2013, agus is céimí Ealaíne agus Deartha í de chuid Ollscoil Dhùn Dé. Bhailigh an bailiúchán seo tríocha portráid agus fiche tírdhreach.

“Tugtar (Be)longing ar an taispeántas mar go mbaineann an téama lárnach le braistint chómhuintearais in áit agus phéinteáil mé na saothair i dtrí áit dhifriúla.” – Mowat.

The Road Taken / An Bóthar Taistealta: Oidhreacht Derek Hill i nDún na nGall

7 Iúil – 29 Meán Fómhair 2013

Chónaigh Derek Hill i nDún na nGall ar feadh 50 bliain agus i rith an ama sin thug sé slám daoine íocónacha cultúrtha ar cuairt go Dún na nGall, a chuir go mór le saol na n-ealaíon áitiúil.

Breathnaíonn an Bóthar Taistealta ar a dtarlaíonn nuair a roghnaíonn tú an tslí níos spéisiúla, ar na dúshláin agus ar an luach saothair a eascraíonn as dul ar an mbóthar éiginnte. I gcás Hill, thug sé go Contae Dhún na nGall é, agus theastaigh uaidh áilleacht agus muintir na háite a roinnt lena chairde.

Rinne an taispeántas sin iarracht tionchar Hill ar na healaíona i nDún na nGall a iniúchadh agus áiríodh leis saothair le healaíontóirí a bhfuil clú idirnáisiúnta orthu ar nós Henry Moore, Sidney Nolan, Jack Yeats, Victor Pasmore, Josef Beuys agus Victor Vasarely, chomh maith le go leor de na healaíontóirí Éireannacha a raibh sé mór leo. Bhí raidhse ábhar cartlainne ann freisin nach bhfacthas riamh cheana.

Spreag Derek Hill an cumadóir mór le rá Benjamin Britten as an mBriotáin chun saothar córúil a chumadh i gcomóradh ar Naomh Colm Cille. Chun ceiliúradh a dhéanamh ar chéad bliain de bhreith Britten, seinneadh a Hymn to St. Columba ag oscailt an taispeántais Dé Domhnaigh, an 7 Iúil ag 4pm.

Chuir Gailearaí Gléibe/Oifig na nOibreacha Poiblí an taispeántas seo i láthair i gcomhar le Féile Ealaíon na hEaragaile

 

The Donegal Hills: Pictiúir Dhún na nGall Derek Hill

1 Lúnasa – 3 Deireadh Fómhair 2010

Deich mbliana i ndiaidh bhás Derek Hill, chuir Oifig na nOibreacha Poiblí bailiúchán dá phictiúr ar taispeántas. Rinne The Donegal Hills ceiliúradh ar shaol Derek i nDún na nGall le portráidí agus le tírdhreacha a tógadh as bailiúcháin phoiblí agus phríobháideacha ar fud na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe.

Cuirtear roinnt buaicphointí ón taispeántas i láthair anseo. Tá cóipcheart ag Oifig na nOibreacha Poiblí ar na híomhánna ar fad, agus tá na bunsaothair ar fad i mBailiúchán Derek Hill i dTeach agus i nGailearaí Gléibe anois.

Tá PDF ísealtaifigh de chatalóg an taispeántais ar fáil le híoslódáil anseo.

The Donegal Hills: Pictiúir Dhún na nGall Derek Hill

Úsáid na saigheada ar chlé agus ar dheis chun cuid de bhuaicphointí an taispeántais seo a fheiceáil.

Is é Derek Hill a phéinteáil gach pictiúr.

James Rodgers

Olaphictiúr ar chanbhás, 48 x 52.5 cm.

McGinty's Chicken Coop, Tory, 1991

Olaphictiúr ar chlár, 15.5 x 22.5 cm.

Erskine Childers, President of Ireland, 1974

Olaphictiúr ar chanbhás, 91.5 x 100.5 cm.

Eddie Moore, 1972

Olaphictiúr ar chanbhás, 61 x 71 cm.

Donegal Late Harvest

Olaphictiúr ar chanbhás, 91.5 x 122 cm.

Gartan from Harley's of Glendowan, c. 1958

Olaphictiúr ar chárta, 34.5 x 61 cm.

Gracie McDermott

Olaphictiúr ar chanbhás, 44 x 39 cm.

.

.

.

.

.

.

.

Seans go mbeadh spéis agat in earraí ón mbailiúchán buan a fheiceáil.