Turas an Tí

An Halla agus an Seomra Maidine

Tá an bealach isteach chuig an teach an-drámata mar gheall ar ghorm lonrach an Halla, agus roghnaíodh é le teacht leis an ngorm atá sa dá scrolla Shíneacha a thug Hill ar ais leis ó Phéicing i 1936. Tá Study of Fruit le Louis Le Brocquy ar crochadh in aice leis an bpríomhdhoras agus tá cearnóg de pháipéar balla Willow Boughs, a dhear William Morris in 1897, i bhfráma os cionn an dorais isteach go dtí an Seomra Maidine. Leantar leis an téama Síneach sa Seomra Maidine, áit a bhfuil priontaí bloc adhmaid de bheirt ghaiscíoch, radhairc ó amharclannaíocht thraidisiúnta na Síne agus troscán oirthearach bambú agus laicir. Tá cártaí poist Victeoiriacha agus Éadbhardacha i seanseastán taispeántais agus sampla álainn de Wemyss Ware é an corn comhóil.

An Seomra Bia

Dearadh é go speisialta le húsáid tráthnóna, agus cruthaíonn an páipéar balla dorcha glas agus breo na lampaí suaimhneas agus compord sa seomra seo. Cuireann an páipéar Turcach sna cuasáin agus an raidhse earraí sa seomra le saibhreas an datha. Is é Sir Edwin Landseer (1802-73) a phéinteáil na ceithre phictiúr, ealaíontóir a bhfuil cáil air as a phictiúir ‘mhaoithneacha’ de radhairc ainmhithe. Léiríonn an bord bia iontlaise, a rinneadh ar an Mór-roinn, na hEalaíona éagsúla. Is ó lár an 19ú haois é. Is le William de Morgan na tíleanna ar an matal agus is leis an ealaíontóir Basil Blackshaw ó Aontroim an pictiúr os cionn an tinteáin de chnoic Dhroim Bearach i gContae an Dúin.

An Parlús agus an Seomra Seapánach

Tá cuma níos teo ar labhandar éadrom na mballaí mar gheall ar ór saibhir an bhrait urláir agus an páipéar Turcach sa chuasán, agus tagann na hearraí corcra agus liathchorcra ar fad sa seomra leis. Tá caibinéad taispeántais ar thaobh na láimhe clé den fhuinneog ina bhfuil earraí ornáideacha ón 19ú haois agus ó thús an 20ú haois.

Os cionn an tinteáin, a tháinig ó Lough Veagh House, tá an pictiúr Evening Thames at Chiswick a phéinteáil Victor Pasmore sna 1940idí. Ar gach aon taobh de, tá pictiúr beag leis an bpéintéir Iodálach Antonio Music. Tá caibinéad Síneach ina bhfuil ionsuiteáin cheirmeacha ina bhfuil bailiúchán sliogán ar thaobh na láimhe deise den tinteán. Is le Derek Hill an dá phictiúr is mó sa seomra. Tá Donegal, Late Harvest (1959) a péinteáladh ón droichead ar an mbealach go Mín an Lábáin os cionn an toilg; is den mhadra ab ansa le Hill, Ceasar, an ceann eile.

Tá áirse ar thaobh na láimhe clé den tinteán a osclaíonn isteach sa Seomra Seapánach. Cuireann an deasc scríbhneoireachta Laicir Síneach leis an gcuma oirthearach agus áirítear saothair le healaíontóirí ceannródaíochta Seapánacha i measc na bpriontaí bloc adhmaid Seapánacha, a dtagann a bhformhór ón 19ú haois, agus atá ar crochadh ar pháipéar priontáilte bambú.

An Chistin

Is beag a d’athraigh anseo ó bhí St Columb’s in úsáid mar óstán. Tá cuma níos gile ar an drisiúr, ar a dtaispeántar earraí éagsúla Wemyss Ware, mar gheall ar an dath dearg dorcha a péinteáladh air chomh maith leis na stríoca gorma agus bána ar an gcúlra. Péinteáladh dathanna difriúla ar an bpíbobair. Is le péintéirí Thoraí formhór na bpictiúr sa chistin, agus tá portráid le Derek Hill dá bhean tí, Gracie McDermott, in aice leis an bhfuinneog.

Seomra na gCótaí Thíos Staighre

In aghaidh páipéar balla de dhearadh Turcach, tá bailiúchán póstaer ar a bhfuil teidil spraíúla nó dhébhríocha. Tá portráid de Derek Hill a phéinteáil Derrick Greaves sa Róimh i dtús na 1950idí ann freisin.

An Halla Cúil, an Staighre agus Ceann an Staighre

Tá ballaí an halla cúil agus an staighre clúdaithe le pictiúir, saothair le comhghleacaithe agus le cairde Hill den chuid is mó. Dearadh le William Morris ar a dtugtar Apple atá ar an bpáipéar balla thart ar an bhfuinneog ar cheann an staighre. Tá cartún d’fhuinneog gloine daite, Christ in Judgement, leis an dearthóir gloine daite Éireannach Evie Hone (1894-1955), ar cheann an staighre thuas staighre.

Seomra Leapa na Rósanna

Crochadh stríoca de bhalla páipéar liath agus bándearg le patrún go rialta sa seomra leapa geal agus fairsing seo do chuairteoirí. Tá na dathanna sin le feiceáil freisin sa rogha Wemyss Ware. Tá cártaí Nollag agus pictiúir a gcuirfeadh páiste spéis iontu crochta mar mhaisiúcháin ar an scáileán, a rinneadh do sheomra Éadbhardach do pháistí. Tá radhairc bhreátha ar na gairdíní agus ar an loch ón dá fhuinneog mhóra.

An Oifig

Tá páipéar le dearadh Blackthorn le William Morris ar na ballaí agus ar an tsíleáil agus tá leabhair, tréimhseacháin, pictiúir, fíoracha Staffordshire agus grianghraif mhuintire ar na seilfeanna. Tá tíleanna le William de Morgan timpeall ar an tinteán agus tá Waves in Sicily le John Bratby (a rugadh i 1928) os a chionn. Ba é John Sherlock a rinne an dealbh cré-umha de chloigeann Derek Hill i 1958.

An Oifig. OOP.

Seomra Leapa Morris

Is táirgí de chuid William Morris and Co. iad an páipéar balla, an brat urláir agus na cuirtíní. Tugtar Golden Lily ar an bpáipéar balla, tá an brat urláir lámhcheangailte le snaidhm agus gar don stíl a tháirg Morris sna 1880idí. Ba í fabraic olla fhite na gcuirtíní, ar a dtugtar Peacock and Dragon, an fhabraic ba dhaoire a rinne an comhlacht. Ceannaíodh an leaba leath-théastair ó Lough Veagh House agus is ó na 1830idí an chuilt appliqué Mheiriceánach ó Alabama. Tá Jean in Bed with Jaundice le John Bratby in aice leis an leaba, agus is saintréith dá chuid oibre na dathanna lonracha agus an t-atmaisféar teasaí.

Seomra Leapa Morris. OOP.

An Príomhsheomra Leapa

Tá páipéar balla suaithinseach gorm agus liath ar na ballaí i seanseomra leapa Derek Hill. Ceannaíodh an leapa go háitiúil ach tháinig an scaraoid leapa bhróidnithe ón India. Tógadh an vardrús mór sróladhmaid thart ar 1890. Is le cairde le Hill na pictiúir agus líníochta beaga atá ar fud an tseomra agus ba mar chuimhneacháin orthu a cuireadh ann iad.

An Príomhsheomra Leapa. © An tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.