Derek Hill (1916-2000)

Rugadh Arthur Derek Hill in Southampton i 1916 dá mhuintir shaibhir. Bhí beirt deartháireacha níos sine aige agus, mar a rinne siadsan, d’fhreastail sé ar Choláiste Marlborough, áit ar léirigh sé spéis, agus cumas, sa phéintéireacht. Chuir a athair ina luí air staidéar a dhéanamh ar dhearadh stáitse seachas ar phéintéireacht toisc go raibh níos mó féidearthachtaí fostaíochta ag baint leis. Dá bhrí sin, chláraigh sé le dul i mbun staidéir ar an dearadh stáitse in München nuair a bhí sé 17 mbliana d’aois.

Rinne sé staidéar ina dhiaidh sin faoi Paul Colin i bPáras agus faon Dr Josef Gregor i Vín. Chuir an Dr Gregor in aithne do Tairov é, stiúrthóir Amharclann Mamemney i Moscó, áit ar chaith sé sé mhí i 1936. Tar éis a sheala oibre i Moscó chuaigh sé ag taisteal soir ar an Iarnród Tras-Sibéarach go dtí an tSeapáin, an tSín, Bali agus Siam.

D’fhill Hill ar Shasana i 1937 chuig post mar dhearthóir feistis in Sadlers Wells, ach chuaigh sé ar ais go Páras go gairid ina dhiaidh sin. Ar spreagadh Edward Molyneux, couturier agus bailitheoir ealaíne impriseanaíche, thóg sé seanmhuileann amach ar cíos sa Loire agus thug sé faoin bpéintéireacht go díograiseach. Nuair a thosaigh an cogadh d’fhill sé ar Wiltshire i Sasana mar dhiúltóir coinsiasach agus d’oibrigh sé mar oibrí feirme. Lean sé ar aghaidh ag péinteáil nuair a bhí am saor aige, agus casadh go leor ealaíontóirí air, lena n-áirítear Mary Kessell agus Victor Pasmore.

I 1943, agus é 27 bliain d’aois, bhí taispeántas aonair aige i Londain i nGailearaí Nicholson agus d’eagraigh sé taispeántais freisin de shaothar ealaíontóirí eile, Degas ina measc. Chaith Hill bliain ag péinteáil in Éirinn i 1946. Bhí gaolta aige i gContae Chill Mhantáin, ach chaith sé formhór a ama ag péinteáil i nGaillimh, i Maigh Eo agus ar Acaill, áit ar phéinteáil sé leis an ealaíontóir Éireannach Louis le Broquey.

Bernard Berenson agus Nicky Mariano, i ngrianghraf a thóg Derek Hill ar a gcuairt dheireanach, sula bhfuair Berenson bás, ar an villino, I Tatti. OOP.

Ó 1947 ar aghaidh chaith Hill go leor ama san Iodáil. Casadh an staraí ealaíne Bernard Berenson air ansin; bhí an-mheas ag Berenson ar a chuid oibre agus bhí sé mar a bheadh athair ann dó i ndiaidh bhás a thuismitheoirí. Chaith sé go leor geimhrí i dteach Berenson, eastát I Tati, taobh amuigh de Fhlórans.

Le linn a ama san Iodáil casadh go leor ealaíontóirí Iodálacha air, Antonio Music, Renato Guttuso, Bruno Saetti agus Giorgio Morandi ina measc. Casadh an Meiriceánach Henry McIlhenny air freisin, a bhí ag obair san Acadamh Meiriceánach sa Róimh. Ba le McIlhenny Caisleán Ghleann Bheatha i nDún na nGall ag an am, agus thug sé cuireadh dó cuairt a thabhairt air ansin i 1949. D’fhill Hill arís agus arís eile ar Dhún na nGall agus i 1953 cheannaigh sé an teach – seanreachtaireacht St Columb’s, Teach Gléibe anois, agus bhog sé isteach an bhliain dár gcionn.

Erskine Childers, President of Ireland, le Derek Hill, 1974. Ard-Mhúsaem na hÉireann. Olaphictiúr ar chanbhás. D’fhan Erskine agus Rita Childers in St Columb’s nuair a thug siad cuairt ar Thoraigh; ba é an t-aon chineál iompair mheicniúil a bhí ann dóibh dá gcamchuairt ná an tarracóir. Chríochnaigh Hill an pictiúr seo, a léiríonn é ag tabhairt cuairte ar mhuintir na háite a raibh an-ghean aige orthu, i ndiaidh bhás an uachtaráin. Fondúireacht Derek Hill.

Ba é Teach Gléibe príomháit chónaithe Hill ó 1954 go dtí 1981, cé gur lean sé ar aghaidh ag taisteal go forleathan le linn na mblianta sin. Ceapadh é mar Stiúrthóir Ealaíne sa Scoil Bhriotanach sa Róimh, áit ar casadh ealaíontóirí air ar nós John Bratby agus Joe Tillson chomh maith le healaíontóirí níos cáiliúla ar nós Francis Bacon, Henry Inlander, John Craxton agus Keith Vaughan.

Thug Derek Hill cuairt ar Thoraigh i 1958 den chéad uair agus chuaigh an solas agus an tírdhreach garbh ann go mór i bhfeidhm air. Thógadh sé bothán ar cíos ann agus chaitheadh sé go leor seachtainí ansin gach samhradh ag péinteáil. De bharr a shampla agus a spreagtha forbraíodh scoil iomlán de phéintéireacht dhúchasach, Péintéirí Thoraí, arb é James Dixon an t-ealaíontóir is mó clú díobh.

Bhí gairm Hill mar phéintéir, go háirithe mar phéintéir portráidí, faoi bhláth agus coimisiúnaíodh é chun go leor daoine cáiliúla a phéinteáil, ar thug cuid díobh cuairt ar St Columb’s. I measc a phortráidí bhí Yehudi Menuhin, Arthur Rubenstein, Sir Michael Tippett, Wilfred Thesinger, Erskine Childers, Garrett Fitzgerald, Tony O’Reilly, an Prionsa Séarlas, an Tiarna Mountbatten, Laurens van der Post, an tArd-Easpaig McQuaid agus an Cairdinéal Heard. Tá a phortráid de Anthony Eden i mbailiúchán an Ghailearaí Náisiúnta Portráide i Londain.

I 1982 thug Hill a theach cónaithe anseo ag Loch Gartáin agus an méid a bhí ann do mhuintir na hÉireann. Cheannaigh sé teachín in aice láimhe, ach bhog sé a bhunáit go baile teaghlaigh in Hampstead i Londain. Lean sé ar aghaidh ag caitheamh ama i gceantar Ghartáin agus ar Thoraigh go dtí go bhfuair sé bás i Londain i mí Iúil 2000.