Na Gairdíní

Na Gairdíní

Aistriúchán ar alt le Derek Hill

Chuir mé alt dar teideal “A Painter’s Garden” [Gairdín an Phéintéara] faoi bhráid an Royal Horticultural Society Journal i mí na Bealtaine 1968.

I ndiaidh dom an méid a scríobh mé an t-am sin a athléamh, is beag ba mhaith liom a athrú faoin mbunphleanáil a rinne mé ar ghairdín agus bheadh na prionsabail a moladh ansin fós ábhartha inniu. “Ba cheart do ghairdíní an tírdhreach ina bhfuil siad a léiriú,” a scríobh mé. Ba bhotún ollmhór a bheadh ann gairdín néata ró-eagraithe a lonnú ar bhruach an locha leis na cnoic máguaird, an áit a bhfuil St Columb’s. Ní maith liom ceapacha foirmeálta ina mbíonn bláthanna eagraithe go docht agus iad ar aon airde agus ar aon dath. B’fhéidir go dtagann an chaoi a mb’fhearr liom gairdín atá fiáin beagnach, a léiríonn an tuath nádúrtha thart timpeall air, leis an tranglam a thaitníonn liom sa teach – bailiúchán mo shaoil. Ar an gcaoi chéanna tá plandaí as gach cearn den domhan i mo ghairdín – bronntanais go leor díobh ó chairde flaithiúla luibheolaíochta. Tá éagsúlacht agus codarsnacht riachtanach domsa; codarsnacht uigeachta, crutha, datha agus déine thar aon ní eile.

Feá in aice leis an ngrianán. OOP.
Actinidia chinensis san fhómhar. OOP.
Aisteach go leor, is beag cosúlacht atá idir an gairdín in St Columb’s agus an gairdín i nGleann Bheatha cúpla míle uaidh. Tá Gleann Bheatha ar imeall loch fíordhomhain nach reonn riamh. Tá cosaint aige freisin ar na príomhghaotha agus is siolta portaigh is mó atá san ithir a tháinig anuas sa ghleann ó na cnoic thart timpeall air. Tá a mhalairt i gceist le St Columb’s. Tá an gairdín seo ar chnapán i lár gleanna ina mbíonn neart seaca – reonn na trí locha éadoimhne timpeall air agus níl foscadh ar bith ar an gcnapán féin ón ngaoth, cuma cén treo a séideann sí. Carraig agus slaig is mó atá san ithir, agus bíonn cré ghorm mar bhunábhar sa ghleann faoin teach go minic. Sula bhféadfaí tosú ar aon gharraíodóireacht ar chor ar bith, theastaigh criosanna cosanta taobh thiar den teach – chomh maith leis sin, ó thuaidh agus ar chnocán ar ráth é sílim, an ceann a úsáideadh chun Aodh Rua a chosaint is dócha nuair a ghlac sé tearmann i nGartán, chuir mé feánna, himlic iartharach, agus seiceamair taobh amuigh freisin. Tugtar “Bridge Island” ar an gcnapán in St Columb’s i sean-léarscáileanna agus ceapaim go mbíodh uisce thart ar an teach tráth dá raibh, agus gur suíomh nádúrtha do ráth a bhíodh ann, le radharc ar gach taobh mar chosaint ar chontúirt.
Feánna agus crann cnó capaill. OOP.
Beallaí Francach agus Bacchante. OOP.
Eddie Moore, 1972, le Derek Hill. Eddie Moore, le Derek Hill, 1972. Olaphictiúr ar chanbhás. Ba gharraíodóir é Eddie Moore in St Columb’s ar feadh na mblianta. Fuair sé bás i 1983. Derek Hill
Tá tírdhreach drámata ag Dún na nGall go nádúrtha; mar sin níl aon mhaith leis na plandaí ar a mbíonn duilleoga beaga a roghnaíonn garraíodóirí creig-ghairdín seachas más féidir iad a úsáid mar bhrat talún. Mar gheall air sin dhírigh mé i gcónaí ar thoir agus ar phlandaí ar a mbíonn duilleoga móra, ó róslabhrais go fialusanna, ar nós an Heracleum ollmhóir, nó peirsil bhó, a mbíonn smacht daingean air ionas go rachaidh sé i bhfeidhm ar an radharc mar fhairtheoir 12 throigh ar airde i suíomhanna áille éagsúla. Cabhraíonn duilleoga ollmhóra an American skunk lily freisin.

Níos gaire don loch, chuir mé Polyganum Oileán Sakhalin ag a mbíonn gas ard a bhreathnaíonn cosúil le bambú agus duilleoga móra. Tá 12 chineál bambú ar a laghad sa ghairdín, lena n-áirítear chousquea couleou ón tSile ag a mbíonn gas docht a bhíonn iontach mar chuaillí agus a úsáidtear mar shlat iascaigh sa tSile. Áit a bhfuil talamh bhog sa ghairdín tá Gunnera mór millteach, cúpla cineál Rodgersia, an raithneach ríúil dhúchasach Osmunda regalis agus toir Phormium as an Nua-Shéalainn. Cabhraíonn na plandaí sin ar fad le cuma dufaire trópaicí a chruthú agus tagann siad leis an tírdhreach thart timpeall orthu – mar gheall ar chomh mór is atá siad. Chuir mé cúpla cineál Rheum, nó biabhóg shaothraithe, freisin; breathnaíonn an “Bowles” ar a mbíonn duilleoga dearga go hálainn nuair atá an ghrian taobh thiar de tráthnóna agus na féitheacha dearga le feiceáil.

Is é an crann beithe an cineál crainn is fearr liom déarfainn. Fásann siad go flúirseach anseo, agus tugadh Loch Ghleann Bheatha nó Lough Beagh ar an loch go dtí leasuithe Shuirbhéireacht an Ordanáis sa 19ú haois. Chuir mé crainn bheithe ar a mbíonn craiceann bán den chuid is mó, ar nós jacquemontii agus costata – chomh maith leis an alba septentrionalis a mbíonn dath an chainéil ar a chraiceann. Nuair is féidir chuir mé in aghaidh cúlraí dorcha iad ionas go seasfaidís amach níos mó. Chomh maith leis sin, níos gaire do na plandaí níos socra agus maorga ar a mbíonn duilleoga dorcha, chuir mé cineál áitiúil poibleoige, tremulus, le bheith ina suaiteoirí mar go mbíonn na duilleoga beaga dallraitheacha órga ag croitheadh de shíor san fhómhar, cosúil le slám bonn, agus an ghaoth ag séideadh. Rinne mé iarracht codarsnachtaí den chineál céanna a chruthú gach áit. Cabhraíonn toir agus plandaí breachnaithe leis seo agus tá sampla fiú de chrann cnó capaill breachnaithe agam a thug Gairdíní Luibheolaíochta Dhún Éideann. Tá Áglus breachnaithe ann freisin agus, mar bhrat talún cabhrach, Lus an Easpaig breachnaithe nach mbíonn ionrach ar an dea-uair cosúil leis na cineálacha neamh-bhreachnaithe dá leithéid.

Tháinig an cúpla dealbh bhrád ar sheastáin agus na dealbha sa ghairdín ó ghairdín an Easpaig Hervey i gCarraig Ceasail i gContae Dhoire, agus arís chuir mé in áiteanna iad a mbeidís níos feiceálaí in aghaidh cúlra dorcha. Dhear mé na cathaoireacha agus na suíocháin bhána mhiotail timpeall an tí agus rinne gabha áitiúil iad, agus tá na potaí gréithe laistigh de charbáigh bunaithe ar an méid a chonaic mé i ngairdín Cecil Beaton in Wiltshire. Tháinig an cheardaíocht iarainn shaoirsithe ó theach a bhí á leagan i gCluain Tiobrad i gContae Mhuineacháin agus a bhí ar aon dath cheana féin le St Columb’s, agus a tháinig go maith mar sin le taobh thiar an tí a bhí an-lom agus sceirdiúil. Dúntar sa gheimhreadh í agus téitear í ar mhaithe le plandaí íogaire. Tá sí ar comhaois beagnach leis an teach – mar sin, arís, tagann sí leis an timpeallacht nádúrtha; mar a thagann an áit ar fad tá súil agam. Chabhraigh James Russell, a ritheann an gairdín anois in Castle Howard in Yorkshire, liom leis an tionscadal ar fad lena eolas iontach ar na plandaí is fearr do shuíomh faoi leith, agus ba é Eddie Moore, mo gharraíodóir ar feadh na mblianta, agus ar a raibh mé ag brath go mór, a chinntigh gur cuireadh ár smaointe ar fad i gcrích.

Dealbh de Mhinéirve. OOP.

Tá súil agam alt eile a scríobh don Royal Botanical Society lá éigin faoi na caillteanais sa ghairdín, seachas an méid ar éirigh leis. Níor mhair go leor de na plandaí níos íogaire a thaitin liom i nGleann Bheatha níos mó ná cúpla geimhreadh. Fuair an Cordyline indivisa ón Astráil ar a mbíonn duilleoga leathana agus a ghaol ar a mbíonn duilleoga corcra bás. Agus cloíodh ar an Mahonia acanthijolia maorga, a fhásann cosúil le crann pailme, sa sioc mar gheall ar ithir a bhí draenáilte go dona. Níor éirigh ach leis an Aralia órga breachnaithe, le crann pailme crua amháin (Trachycarpus fortuneii) a d’fhéadfadh fós, tar éis beagnach fiche bliain, bás a fháil mar gheall ar gheimhreadh thar a bheith crua. Tá dhá Aralia luibheacha – nepalensis agus californica – a thug Gairdíní Luibheolaíochta Dhún Éideann dom freisin, neamhghnách agus is plandaí thar a bheith úsáideach iad chun toir a chruthú. Scaipeann siad chun cuma ‘fhiáin’ mhothrach a chruthú a théann go maith leis an tírdhreach álainn éigeansa atá timpeall ar Ghleann Ghartáin fós agus a mheallann daoine as fud fad na tíre.

An t-ardán a bhreathnaíonn ó dheas agus na cathaoireacha iarainn a dhear Derek Hill agus a rinne an gabha áitiúil. OOP.