Bailiúchán

Tá bailiúchán mór ealaíne a chruinnigh Derek Hill i dTeach agus i nGailearaí Gléibe.

Tá os cionn 1,500 earra sa bhailiúchán iomlán. Má theastaíonn uait breathnú go mion ar aon earra sonrach, téigh i dteagmháil linn. Léiríonn an bailiúchán gnéithe éagsúla den saol ilghnéitheach a bhí ag Derek Hill agus ag a chomhghleacaithe. Tá saothar ealaíontóirí tábhachtacha ón 20ú haois le feiceáil ar fud Gléibe, agus tá nasc pearsanta ag gach saothar anseo le saol Hill.

Study for Travoys Arriving with the Wounded at Smol, Macedonia. Sir Stanley Spencer (1891-1959).
Olaphictiúr ar pháipéar

B’ealaíontóir Sasanach é Spencer a chuaigh i mbun staidéir ag Slade. B’ealaíontóir cogaidh é sa Mhacadóin le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda fad is a d’oibrigh sé le seirbhís na nOtharcharranna Machaire. Tá an saothar críochnaithe, ar staidéar dó é seo, i mbailiúchán an Imperial War Museum i Londain.

Tommy Sutton Getting in the Spuds in the Snow. Camille Souter (b.1929).
Olaphictiúr ar pháipéar

Tugadh Betty Holmes uirthi nuair a rugadh í i Sasana, agus bhog Souter Baile Átha Cliath agus í óg. Cuireadh oiliúint uirthi mar altra ach mhúin sí péintéireacht di féin níos deireanaí.

Clare Island. Louis Le Brocquy (1916-2012).
Dúch agus uiscedhath ar pháipéar.

Cé gurbh as Baile Átha Cliath do le Brocquy, chaith sé cuid mhaith dá shaol thar lear, i Sasana agus i ndeisceart na Fraince. Casadh Hill air i 1946 nuair a bhí an bheirt acu i mbun péinteála in iarthar na hÉireann; tá sé seo ar cheann den dá shaothar bheaga i mBailiúchán Derek Hill a péinteáladh an tráth sin.

Evening Thames at Chiswick. Victor Pasmore (1918-1998).
Olaphictiúr ar chanbhás.

Ba dhuine de bhunaitheoirí Scoil Euston Road é Pasmore sna 1930idí agus phéinteáil sé tírdhreacha fíneálta agus radhairc intí go dtí 1948, pictiúir a luadh mar na cinn is fearr ó bhí Whistler i mbun oibre. Casadh Derek Hill air le linn an chogaidh nuair a bhí sé ag obair ar fheirm in Wiltshire, agus chuaigh cur chuige Pasmore i leith na péintéireachta go mór i bhfeidhm air. Bhí an-mheas aige ar an ngeoiméadracht bhunúsach a bhí, faoi na 1950idí, ina mbunús do shaothar Pasmore nuair a thug sé droim láimhe don ealaín mhacasamhlach don teibíocht.

Bullfight. Pablo Picasso (1881-1973).
Pláta ceirmeach.

Cé gur mó aithne atá ar Picasso as a phictiúir, rinne sé an-chuid dealbh agus earraí criadóireachta freisin. Ó 1947 d’oibrigh sé le Criadóireacht Madoura in Vallauris i ndeisceart na Fraince, ag déanamh earraí criadóireachta uathúla nach raibh ach líon teoranta díobh ar fáil. Sa chás sin dhéanadh nó dhearadh Picasso an bunearra agus dhéanadh cúntóirí cóipeanna de. Tá Bullfight, ó mhí an Mheithimh 1950, i measc trí earra theoranta dá leithéid i mbailiúchán Derek Hill, a cheannaigh sé i gCriadóireacht Madoura sna 1950idí.

Christ in Judgement. Evie Hone (1894-1955).
Gouache ar pháipéar leagtha ar chlár.

Cartún, nó staidéar lánmhéide, é seo don solas láir i bhfuinneog trí sholas (léirítear The Saved agus The Damned sa phéire eile) i séipéal príobháideach in Warwickshire. D’fhás Evie Hone aníos i gContae Bhaile Átha Cliath ach rinne sí staidéar i Londain agus i bPáras, le Audré Lhote agus ansin le Albert Gleizes i ndeireadh na 1920idí. Uathu siúd a tháinig a spéis in ealaín Chiúbaíoch agus theibí, as ar eascair gloine dhaite ní nach ionadh. Sna 1930idí agus sna 1940idí thug sí faoi go leor coimisiún i stiúideonna gloine daite i mBaile Átha Cliath, an Túr Gloine, agus lean sí ar aghaidh ag péinteáil freisin.

Death Ship. Alfred Wallis (1855-1942).
Olaphictiúr ar pháipéar

B’iascaire agus ealaíontóir dúchasach é Wallis. I 1999 reáchtáil Gailearaí Tate in St Ives taispeántas dar teideal ‘Two Painters’ inar taispeánadh saothair le Wallis agus leis an ealaíontóir dúchasach James Dixon as Toraigh.

House and Trees. Georgio Morandi (1890-1964).
Eitseáil

Rugadh Georgio Morandi in Bologna na hIodáile, áit ar chónaigh sé go dtí go bhfuair sé bás. B’ealaíontóir agus dhéantóir priontaí é, ar fearr aithne air dá phictiúir d’ábhar neamhbheo bunaithe ar bhuidéil agus ar chrúscaí.

Woman Sewing. Renato Guttuso (1912-1987).

Rugadh Guttuso in Palermo sa tSicil; thosaigh sé ag staidéar an dlí ach d’fhág sé é don phéintéireacht agus bhí sé ar cheann de na healaíontóirí Réalaí Shóisialta ba cheannródaíche san Iodáil. Mar bhall gníomhach den Pháirtí Cumannachais bhí teachtaireachtaí sonracha polaitiúla in go leor dá phictiúir. Léaráidí spleodracha ar an ngnáthshaol atá i bpictiúir eile. Tá an fuinneamh agus an spontáineacht chéanna atá le sonrú i saothair mhóra Guttuso le feiceáil sa sceitse sciobtha seo a rinneadh i 1946.

Goat, Rock and Trees, Hydra. John Craxton (1922-2009).
Olaphictiúr ar chanbhás.

Is mó aithne ar Craxton, a phéinteáil an gabhar seo i 1981, as a íomhánna den Ghréig, den saol ansin agus den tírdhreach ann. Tá líníocht chailce de Phíobaire Gréagach i mBailiúchán Hill freisin.

West End Village, Tory Island. James Dixon (1897-1970).
Olaphictiúr ar chlár.

Go luath i ndiaidh do Derek Hill tosú ag péinteáil ar Thoraigh, bhreathnaigh James Dixon, a bhí sna seascaidí, air ag obair agus mhaígh sé go bhféadfadh seisean jab níos fearr a dhéanamh. Ba é an radharc seo ar an sráidbhaile agus ar an gcuan ó fhaoileán a fhreagra air, agus, cosúil le gach radharc cumhachtach corraitheach ar Thoraigh de chuid Dixon, is ón gcuimhne ar fad a d’oibrigh sé.

Gracie McDermott. Derek Hill (1916-2000).
Olaphictiúr ar chanbhás.

D’oibrigh Gracie McDermott in St Columb’s ar feadh 50 bliain, ag tosú nuair a bhí sé in úsáid mar óstán, agus ag filleadh níos deireanaí chun oibriú mar chócaire agus mar bhean tí do Hill.

Romeo. Oliver Messel (1904-78).
Uiscedhath agus peann luaidhe ar pháipéar.

Ba dhearthóir ceannródaíoch é Messel do bhailé agus do cheoldrámaí i Londain i rith na 1930idí agus na 1940idí. Thug sé an dearadh feistis seo do Hill mar bhronntanas dá theacht in aois.

African Woman and Child. Mary Kessell (1914-77).
Gualach líníochta agus cailc bhán ar pháipéar.

D’oibrigh Mary Kessell le pastail agus le gualach líníochta den chuid is mó chun íomhánna doiléire, corraitheach a chruthú, íomhánna d’ábhair reiligiúnacha go minic. Bhí spéis i gcónaí aici san fhulaingt; agus í sa Ghearmáin i 1945 mar ealaíontóir oifigiúil cogaidh chuaigh sí go cúpla campa teifeach, agus go Belsen, a raibh tionchar suntasach aige ar a cuid ealaíne.

Dying Pheasant. Edwin Landseer (1802-1873).
Olaphictiúr ar phainéal.

Bhí an-tóir ar Landseer mar phéintéir sa ré Victeoiriach mar gheall ar a phictiúir d’fhianna i nGarbhchríocha na hAlban agus de mhadraí agus d’ainmhithe eile; thaitin a shaothair leis an mBanríon Victoria freisin. Ba léir a chumas mar ealaíontóir ó bhí sé an-óg; bhí taispeántas aige san Acadamh Ríoga nuair a bhí sé 16 bliana d’aois, agus toghadh mar bhall comhlach é ag an aois ab óige ab fhéidir, 24 bliain d’aois. Faoin am sin bhí cumas cáiliúil aige in uigeachtaí ar nós fionnaidh agus cleití a phéinteáil. Ceann de phéire é an pictiúr seo a péinteáladh in 1832; ba le Henry McIlhenny an ceann eile de tharmachan agus bhíodh sé ar taispeántas i gCaisleán Ghleann Bheatha. Bhronn sé cúpla Landseer mór ar Iarsmalann Ealaíne Philadelphia.

Red Fuji. Katsushika Hokusai (1760-1849).
Prionta bloc adhmaid daite.

Rinne Hokusai, duine de na healaíontóirí Seapánacha ba bhisiúla riamh, os cionn 30,000 pictiúr le linn saol fada; ag deireadh a shaoil rinne sé cur síos air féin mar ‘an seanfhear atá craiceáilte faoi tharraingt’. Tá sé seo ar cheann de na híomhánna is cáiliúla dá chuid, agus de chuid na Seapáine, a thagann ón tsraith dar teideal Thirty-Six Views of Mount Fuji ar ar oibrigh sé i dtús na 1830idí.

Jean in Bed with Jaundice. John Bratby (1928-1992).
Olaphictiúr ar chanbhás.

Rugadh Bratby i 1928 agus rinne sé staidéar i gColáiste Ríoga na hEalaíne i Londain. Fad is a bhí sé ansin, bhuaigh sé scoláireacht i 1954 le dul go dtí an Róimh áit ar casadh Derek Hill air, agus ar phéinteáil sé an pictiúr seo dá bhean chéile agus í tinn sa leaba (bhí Bratby pósta leis an bpéintéir clúiteach Jean Cooke). Gnáthshampla é dá shraith pictiúr ‘boird’ a dhéanadh sé an t-am sin agus a chumadh sé go cúramach le gnáthearraí cistine. Tá giuirléidí an tsaoil i mionárasán chomh tábhachtach mar ábhar an phictiúir le tinneas a mhná céile, a léirítear mar sin féin sna dathanna teasaí agus scéiniúla.