Uaireanta Oscailte
Dátaí oscailte le haghaidh 2020
An 11 go dtí an 19 Aibreán (Gailearaí amháin).
An 24 Bealtaine go dtí an 1 Deireadh Fómhair.
Bíonn an teach agus an gailearaí ar oscailt ó 11am go dtí 6.30pm ar na dátaí sin. Bíonn siad dúnta ar an Aoine i mí an Mheithimh agus i mí Mheán Fómhair.
Cuirtear tús leis an turas deireanach uair an chloig sula ndúntar an teach agus an gailearaí.
Suíomh
Tá Teach Gléibe lonnaithe 18 gciliméadar ó Leitir Ceanainn ar an R251.
Taisteal
Tá páirceáil ar fáil saor an aisce ar an láthair do charranna agus do bhusanna.
Teach agus Gailearaí Gléibe
Teach agus Gailearaí Gléibe
Tarraing an fhíor bhuí go dtí an pionna dearg chun féachaint ar an suíomh ag leibhéal radhairc sráide.
Áiseanna
Bíonn Caifé oscailte le linn an tsamhraidh, ina mbíonn deochanna teo agus lónta éadroma.
Ní féidir le cuairteoir faoi mhíchumas cuairt a thabhairt ach ar urlár na talún sa ghailearaí.
Turais
Ní féidir dul isteach sa teach ach ar thuras treoraithe. Bíonn siad seo ar fáil ar feadh an lae uile, agus 15 dhuine ar a mhéad a bhíonn ar gach turas.
Cuairt
Uair an chloig an meánfhad a mhaireann cuairt ar Theach agus ar Ghailearaí Gléibe. Maireann na turais threoraithe thart ar 45 nóiméad.
Grianghraif / Físeáin
Tá cosc ar ghrianghraif agus ar fhíseáin a thógáil.
Cead Isteach
Tá saorchead isteach chuig an ngailearaí.
Cosnaíonn ticéid don teach (a áiríonn turas treoraithe): €4 (duine fásta), €3 (duine scothaosta/ráta grúpa), €2 (páiste/mac léinn), €10 (teaghlach).
Ní féidir dul isteach sa teach ach ar thuras treoraithe.
Bíonn saorchead isteach ag daoine a bhfuil Cárta Oidhreachta acu. Bíonn saorchead isteach ag gach duine ar an gcéad Chéadaoin de gach mí. Bíonn saorchead isteach ag grúpaí scoile freisin.
Sa Cheantar Freisin
Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha
Fad slí: 8.8km.
Ar cheann de shé pháirc náisiúnta na hÉireann, tá 16,000 heicteár d’fhiántas sléibhe agus foraoise anseo. Tá an tIonad Cuairteora suite ar Loch Bheithe thuaidh.
Músaem Chontae Dhún na nGall
Fad slí: 16km.
Tá an iarsmalann lonnaithe i dTeach an Mhaoir i dTeach na mBocht mar a bhíodh i Leitir Ceanainn (a tógadh in 1843), agus léiríonn an bailiúchán de níos mó ná 7,000 earra stair Dhún na nGall ón ré is luaithe go dtí an lá atá inniu ann.
Muilte Arbhair agus Lín an Mhuilinn Úir
Fad slí: 27km.
Ionad fíorspéisiúil ó thús an 19ú haois ina bhfuil foirgnimh atá 400 bliain d’aois, agus ceann de na rothaí uisce is mó atá i bhfeidhm in Éirinn.
Sráidbhaile Mhín an Lábáin

Sráidbhaile beag álainn í Mín an Lábáin nach bhfuil ach ocht míle ón mbaile is mó i nDún na nGall, Leitir Ceanainn.
Is féidir bia te, caife agus, níos deireanaí tráthnóna, pionta, a fháil ó cheachtar de na trí theach tábhairne ann. Má tá tú ag fanacht deireanach tráthnóna, bíonn ceol traidisiúnta á sheinm oíche Chéadaoin. Tá trí loch áille ardscéimhe timpeall ar an sráidbhaile. Is é buaicphointe na bliana Aonach bliantúil Mhín an Lábáin, ina mbíonn lear mór imeachtaí éagsúla.
