Oideachas

Féadfar cuairt do dhaltaí bunscoile a úsáid chun tacú le gnéithe éagsúla den churaclam, lena n-áirítear:
    • Ealaín, Ceardaíocht agus Dearadh (imscrúdú trí fhéachaint; foghlaim faoi ealaíontóirí; ailtirí agus dearthóirí ó thréimhsí eile; scileanna breathnaitheacha a fhorbairt)
    • Stair (an saol a bhí ag daoine; na hathruithe a tharla i dtréimhsí difriúla agus an tionchar a bhí ag na hathruithe ar dhaoine; tuiscint ar an stair áitiúil agus foghlaim faoi fhianaise)
    • OSSP (léirthuiscint dár n-imshaol)

Cuirimid bileoga oibre ar fáil do dhaltaí bunscoile agus is féidir iad a chur ar fáil sula dtagann sibh anseo.

Is féidir cuairt ar Theach Gléibe a úsáid freisin chun tacú le gnéithe de churaclam Staire na hArdteistiméireachta.

Tá an stair shóisialta agus chultúrtha, agus Ealaín (dearadh agus ceardaíocht) agus Tíreolaíocht na hArdteistiméireachta an-ábhartha. Tugtar cuireadh do scoláirí Ealaíne na hArdteistiméireachta cuairt a thabhairt freisin ar ár dtaispeántais mínealaíne rialta a spreagann scoláirí le feasacht a fhorbairt ar thábhacht na n-amharcealaíon inár gcultúr agus inár bpobal.

Cuirimid ceardlanna ealaíne agus ceardaíochta ar fáil ó am go ham do pháistí le linn laethanta saoire scoile agus le linn Sheachtain na hOidhreachta. Tá tuilleadh eolais ar ár leathanach Facebook. Ba mhór againn freisin cabhrú le scoláirí atá i mbun taighde ar stair áitiúil, ar ealaín, agus ar ailtireacht.

Faigh Tuilleadh Eolais...

… faoin Scéim um Chuairteanna Oideachais Saor in Aisce do Scoileanna.

Íoslódáil

Déantar iniúchadh in Glebe House Nature Book ar na héin, ar an loch, ar an gcoillearnach agus ar na bláthanna fiáine thart ar Theach Gléibe. Tá sé oiriúnach do pháistí. (Béarla)