Toraigh

Ní raibh Derek Hill i nDún na nGall ach ar feadh cúpla bliain nuair a chuaigh sé siar go Toraigh agus go dtí an rud ba thábhachtaí a chuir sé le hEalaín na hÉireann seans – a spreagadh agus a phátrúnacht d’ealaíontóirí Thoraí agus do James Dixon go háirithe.

Deirtear go minc nár phéinteáil James Dixon aon rud sular casadh Derek Hill air, ach ní fíor sin go hiomlán. Is cosúil gur mhaígh Dixon go bhféadfadh sé “jab níos fearr” a dhéanamh i ndiaidh dó breathnú ar Derek ag péinteáil ar an oileán maidin amháin, ach phéinteáil sé cuid dá phictiúir roimhe sin. Ach is fíor cinnte go ndeachaigh muinín Dixon i bhfeidhm ar Hill agus gur chuir sé péint agus páipéar ar fáil dó, agus gur spreag sé é i gcónaí. Tá sárshaothar Dixon ‘West End Village’, radharc ón spéir ar cheann de na sráidbhailte beaga ar Thoraigh, in airde sa chistin in St. Columb’s.

Spreag rath James Dixon daoine eile ar an oileán agus thosaigh siadsan ag péinteáil; is mó aithne anois ar Patsy Dan Rodgers (Rí Thoraí), Ruairí Rodgers agus Anton Meenan, atá ar fad ag péinteáil go seasmhach le blianta fada anuas.

Tá ealaíontóirí an oileáin seo tar éis taifead uathúil agus fíorspéisiúil a chruthú dá bpobal beag agus de shaol Thoraí le caoga bliain anuas. Tá cuid de na samplaí is fearr d’ealaín dhúchasach Thoraí i mBailiúchán Derek Hill i dTeach Gléibe.

West End Village, Tory Island, le James Dixon (1897-1970). OOP.