Teach agus
Gailearaí Gléibe

Tá Teach Gléibe, áit chónaithe an ealaíontóra chlúitigh Derek Hill ar feadh beagnach 30 bliain, lonnaithe ar thalamh ard, in aice le Loch Gartáin, soir ó Pháirc Náisiúnta Ghleann Bheatha i gContae Dhún na nGall.

Tugadh St Columb’s ar an teach nuair a tógadh ar dtús é in 1828. Teach ar stíl na Leasríochta é a maisíodh le teicstílí William Morris agus le bailiúcháin d’ealaíon Ioslamach agus Sheapánach. Tá 300 saothar le healaíontóirí móra an 20ú haois, ar nós Picasso agus Kokoshka, sa bhailiúchán iomlán. Tá go leor saothar le healaíontóirí Éireannacha agus Iodálacha go háirithe ann. I 1981, thug Derek Hill St. Columb’s, an méid a bhí ann agus na gairdíní mar thabhartas don Náisiún. Iompaíodh stiúideo agus teach aíochta Hill go Gailearaí Gléibe ina dtaispeántar earraí ó Bhailiúchán Derek Hill chomh maith le taispeántais taistil. Cuirtear an teach agus na gairdíní i láthair go neamhfhoirmeálta, ar nós go bhfuil Derek Hill fós ina chónaí ann.

Is í Oifig na nOibreacha Poiblí a bhainistíonn Teach agus Gailearaí Gléibe.

Pleanáil Cuairt

Uaireanta oscailte, láthair, taisteal agus neart eile.

Turas ar Líne

Téigh ar thuras ó do sheomra suí féin!

Bailiúchán

Breathnaigh ar bhuaicphointí an bhailiúcháin bhuain.

Oideachas

Eolas do mhúinteoirí agus do scoláirí.